Skip to main content

057-8672400 | info@laoisedcentre.ie

Biodiversity Demonstration Garden

Forbraíodh Gairdín nua iontach Bithéagsúlachta ag Ionad Tacaíochta Oideachais Laoise.

Seo thíos roinnt acmhainní chun cabhrú leat níos mó eolais a fháil faoi chuid de na gníomhartha bithéagsúlachta seo a d'fhéadfadh tú tabhairt faoi i d'fhearann scoile féin:

An exciting new Biodiversity Garden has been developed at Laois Education Support Centre.

Below are some resources to help you find out more about taking some of these biodiversity actions in your own school grounds:

Comharthaí Bithéagsúlachta/ Biodiversity signs

Íoslódáil ár gcomharthaíocht do ghairdíní bithéagsúlachta/ Download our biodiversity garden signage

Pleananna Ceachta Pailneoirí/ Pollinator Lesson Plans

Íoslódáil ár 10 bplean ceachta pailneoirí/ Download our 10 pollinator lesson plans

An Tionscadal Cúram

Tionscadal Cúram Ionad Tacaíochta Oideachais Laoise mar chuid dár gclár níos leithne, Pobal Muintearais.  

Forbraíodh Cúram (a chiallaíonn aire, don chomhshaol sa chás seo) mar fhreagra ar chuid den aiseolas a fuarthas maidir lenár nGairdín nua Taispeána Bithéagsúlachta atá suite timpeall ar Ionad Tacaíochta Oideachais Laoise. Dúirt roinnt scoileanna linn, cé go mbeadh suim acu gnéithe den ghairdín a fhorbairt ina suíomhanna féin, gur bacainní iad muinín, cumas garraíodóireachta agus costas. Agus é seo san áireamh, dhear muid clár tacaíochta breise do scoileanna a chuaigh isteach sa Tionscadal Cúram. Cé go bhfuil go leor gnéithe éagsúla ag ár ngairdín, bheartaigh muid díriú ar ghlasraí orgánacha a fhás don bhliain scoile seo. Breathnóidh muid ar thacaíocht a chur ar fáil maidir leis na gnéithe eile amach anseo. Ní raibh aon taithí garraíodóireachta riachtanach roimhe seo le bheith páirteach sa tionscadal.

Seoladh Cúram agus rinneadh an oiliúint tosaigh in Ionad Tacaíochta Oideachais Laoise ar an gCéadaoin, an 19 Márta. Ba í an aidhm tacaíocht a chur ar fáil do 20 scoil maidir le conas oibriú lena ndaltaí chun leaba bheag ghlasraí orgánacha a ullmhú, a chur agus aire a thabhairt di. Bhí Paddy Madden, fear an-inniúil atá go mór ar son na garraíodóireachta scoile, i gceannas ar an gcúrsa agus chabhraigh sé le múinteoirí foghlaim conas leapacha ardaithe simplí a thógáil agus aire a thabhairt dóibh i suíomh scoile. Bhí Comhairle Contae Laoise an-fhlaithiúil ag cur sraith acmhainní ar fáil do scoileanna, lena n-áirítear leapacha ardaithe, síolta, uirlisí garraíodóireachta agus ábhair eile.

Is é Cathaoirleach Ionad Tacaíochta Oideachais Laoise, Liam O’ Neill, garraíodóir an-taithí, a bheidh ina theagmhálaí áitiúil do scoileanna i rith an tionscadail agus tabharfaidh sé cuairt ar scoileanna freisin, más gá, chun tacú le scoileanna amach anseo agus chun aon cheisteanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn a fhreagairt.  

The Cúram Project

Laois Education Support Centre’s  Cúram Project is part of our larger Community of Belonging programme.

Cúram (meaning care, in this case for the environment) was developed as a response to some of the feedback received relating to our new Biodiversity Demonstration Garden which is situated around Laois Education Support Centre. A number of schools told us that while they would be interested in developing elements of the garden in their own settings, confidence, gardening ability and cost are barriers to this. With this in mind, we designed a programme of extended support to schools who joined the Cúram Project. While our garden has many different features, we decided to focus on organic vegetable growing for this school year. We will look at providing support on the other elements in the future. No previous gardening experience was necessary to join the project. 

The launch of Cúram and initial training took place in Laois Education Support Centre on Wed. March 19th. The aim was to provide support to 20 schools on how to work with their students to prepare, sow and care for a small organic vegetable bed. Paddy Madden, a very accomplished advocate of school gardening lead the course and helped teachers learn how to construct and care for simple raised beds in a school setting. Laois Co. Co. very generously provided schools with a set of resources including raised beds, seeds, gardening tools and other materials.

Cathaoirleach of Laois ESC, Liam O’Neill, a very experienced gardener, will be the local contact with schools for the duration of the project and will also provide school visits, if required, to support schools down the line and answer any queries that may arise.  

Líonra Inbhuanaitheachta Scoileanna na hÉireann/ Irish Schools Sustainability Network

Comhoibríonn Ionaid Tacaíochta Oideachais Éireann (ITOÉ) le Líonra Inbhuanaitheachta Scoileanna na hÉireann (LISÉ) chun sceideal uathúil FGL inbhuanaitheachta a chur ar fáil do mhúinteoirí. Is féidir teacht ar an sceideal seo ag https://www.issn.ie/, chomh maith le heolas faoi theacht le chéile míosúil do chomhthacaíocht, ceardlanna nuálacha arna éascú ag gairmithe tionsclaíochta, agus rochtain ar líon mór acmhainní deartha ag múinteoirí le haghaidh múinteoirí. Is pobal múinteoirí agus daltaí é LISÉ atá an-tugtha don litearthacht aeráide a thabhairt isteach i scoileanna.

Education Support Centres Ireland (ESCI) collaborates with Irish Schools Sustainability Network (ISSN) to offer a unique sustainability CPD schedule for teachers. This schedule can be accessed at https://www.issn.ie/ as well as information about monthly meet-ups for mutual support, innovative workshops facilitated by industry professionals, and access to a wealth of resources designed by teachers for teachers. ISSN is a community of teachers and students passionate about bringing climate literacy into schools.

Gardening for Biodiversity

Íoslódáil an leabhrán Gardening for Biodiversity chun go leor moltaí a fháil maidir leis an gcaoi a bhféadfá cúnamh a thabhairt don bhithéagsúlacht i do ghairdín.

For lots of suggestions on how you can help biodiversity in your garden, download the Gardening for Biodiversity booklet.

School Earth Education

Is éard is SEED ná líonra náisiúnta d’ionaid oideachais agus d’oidí a bhfuil taithí na mblianta acu san oideachas comhshaoil bunscoile agus iar-bhunscoile, agus saineolas acu ar gach gné den gharraíodóireacht orgánach scoile. Caith súil ar https://www.schoolearthed.ie/.

SEED is a national network of educational centres and professionals with many years’ experience in primary and post primary environmental education, specialising in all aspects of organic school gardening. See https://www.schoolearthed.ie/

Scoileanna Glasa/ Green Schools

Is é Scoileanna Glasa príomhchlár bainistíochta comhshaoil ​​agus dámhachtana scoileanna na hÉireann, ag obair le bunscoileanna agus meánscoileanna ar fud na tíre.

Green Schools is Ireland’s leading schools environmental management and award programme, working with primary and secondary schools across the country.

Scéim Oidhreachta i Scoileanna/ Heritage in Schools Scheme

Cuireann an Scéim Oidhreachta i Scoileanna painéal Speisialtóirí Oidhreachta ar fáil a thugann cuairt ar bhunscoileanna chun cabhrú le leanaí agus a gcuid múinteoirí foghlaim faoi agus a bheith buíoch as a n-oidhreacht áitiúil. Tacaíonn an Scéim le haidhmeanna agus cuspóirí luaite an Churaclaim Oideachais, Shóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta (OSIE) agus cuireann sí uirlis agus acmhainn oideachais bhreise ar fáil do mhúinteoirí.

The Heritage in Schools Scheme provides a panel of Heritage Specialists who visit primary schools to help children and their teachers learn about and appreciate their local heritage. The Scheme supports the stated aims and objectives of the Social, Scientific and Environmental Education (SESE) curriculum and provides an additional educational tool and resource for teachers.

FÁS ar Scoil/ GIY Grow at School

Is clár oideachais bia é FÁS ar Scoil agus an aidhm aige feabhas a chur ar an litearthacht bia i mbunscoileanna.

GROW at School is a food education programme that aims to enhance food literacy in primary schools.

Téigh chuig www.BirdWatchIreland.ie chun gach rud a fhoghlaim faoinár n-éin ghairdín, conas bia a thabhairt dóibh, agus conas bosca éan a dhéanamh. Tá bileoga oibre agus treoir ghníomhaíochta do bhunscoileanna ar an suíomh gréasáin freisin.

Learn all about our garden birds, how to feed them, and how to make a bird box at www.BirdWatchIreland.ie  The website also has worksheets and an action guide for primary schools.

Plean Uile-Éireann Pailneora/ All-Ireland Pollinator Plan

Is faoi gach duine ag teacht le chéile chun iarracht a dhéanamh cabhrú leis an mbithéagsúlacht é an Plean Uile-Éireann Pailneora. Is féidir leat rochtain a fháil ar neart acmhainní, lena n-áirítear liostaí plandaí, físeáin, pleananna ceachta agus fiú treoir a mhíníonn céim ar chéim conas Plean Pailneora a chruthú do do scoil. Is féidir leat do ghairdín scoile a clárú freisin agus do scoil a chur le léarscáil de shuíomhanna atá neamhdhíobhálach do phailneoirí.

The All-Ireland Pollinator Plan is about everyone coming together to try to help biodiversity. You can access lots of resources, including plant lists, videos and lesson plans and even a How-to-guide explaining step-by-step how to create a Pollinator Plan for your school. You can also register your school garden and add your school to a map of pollinator-friendly sites.

Íoslódáil an tsraith pleananna ceachta Hedgerow a chuir Comhairle Contae Dhún Laoghaire- Ráth an Dúin le chéile.

Download the Hedgerow lesson plans toolkit produced by Dún Laoghaire-Rathdown County Council.

Cuir snas ar do scileanna aitheantais agus foghlaim faoi thaifeadadh agus mapáil na bithéagsúlachta leis an Ionad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta.

Brush up your identification skills and learn about recording and mapping biodiversity with the National Biodiversity Data Centre.

Is tionscadal oideachais é Puffin Rock Habitats atá dírithe ar fheasacht agus tuiscint níos fearr a chur chun cinn ar bhithéagsúlacht na hÉireann i measc teaghlach a bhfuil páistí óga acu, trí thaispeántas turasóireachta, ceardlanna agus leabhar gníomhaíochta.

‘Puffin Rock Habitats’ is an educational project aimed to promote greater awareness and understanding of Ireland's biodiversity among families with young children, through a touring exhibition, workshops and activity book.

Foghlaim gach rud faoi locháin fiadhúlra agus faoin gcaoi ar féidir leat do lochán féin a dhéanamh le An Taisce.

Learn all about wildlife ponds and how to make your own pond with An Taisce

Caith súil ar threoir An Taisce maidir le Múiríniú.

Check out An Taisce’s guide to Composting.

Foghlaim gach rud faoi Ialtóga na hÉireann trí shuíomh gréasáin tiomanta Chaomhnú Ialtóg na hÉireann ag https://learnaboutbats.com/.

Learn all about Ireland’s Bats via Bat Conservation Ireland’s dedicated educational website: https://learnaboutbats.com/.

Is áit mhaith é Cumann Lucht Sábhála Shíolta na hÉireann chun síolta agus crainn torthaí oidhreachta na hÉireann a fhoinsiú.

The Irish Seed Savers Association is a good place to source seeds and Irish heritage fruit trees.

Is suíomh gréasáin dinimiciúil scoile agus gairdín é Engage with Nature a dearadh chun cabhrú le múinteoirí, daltaí agus garraíodóirí timpeallacht inbhuanaithe a chruthú agus dul i ngleic leis an athrú aeráide. Tá neart físeán agus smaointe ceachta ann.

Engage with Nature is a dynamic school and garden website designed to assist teachers, students and gardeners in creating a sustainable environment and combating climate change. There are lots of videos and lesson ideas.