Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol/ Access to Information on the Environment
Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol
Tá an ceart agat faisnéis áirithe a fháil faoin gcomhshaol ó Ionad Tacaíochta Oideachais Laoise faoi Rialacháin na bPobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007 (arna leasú). Leagtar amach sa reachtaíocht RFC na nósanna imeachta do rochtain phoiblí ar fhaisnéis a bhaineann leis an gcomhshaol atá i seilbh comhlachtaí poiblí.
Má tá tú ag iarraidh iarratas a dhéanamh chuig Ionad Tacaíochta Oideachais Laoise faoin reachtaíocht RFC, iarraimid ort d’iarratas a chur go leictreonach chuig an seoladh ríomhphoist
I d’iarratas, iarraimid ort an méid a leanas a dhéanamh:
- Sonraigh go bhfuil an t-iarratas seo á dhéanamh agat faoin reachtaíocht RFC, agus luaigh go soiléir an fhaisnéis chomhshaoil atá á hiarraidh agat.
- Déan iarracht le do thoil a oiread sonraí agus is féidir a chur ar fáil ionas gur féidir linn d’iarratas a phróiseáil go héifeachtach.
- Cuir do sheoladh fillte isteach.
Gheobhaidh tú freagra laistigh de mhí amháin ón dáta a fuair Aonad SF Ionad Tacaíochta Oideachais Laoise an t-iarratas.
Séanadh/ Nóta: Tabhair faoi deara le do thoil gur féidir le comhlachtaí poiblí iarratais RFC a dhiúltú ar fhorais shainordaitheacha áirithe (faisnéis phearsanta/ faisnéis tríú páirtí) nó ar fhorais lánroghnacha (rúndacht tráchtála srl.).
Táillí: Níl aon táille tosaigh ag baint le hiarratas RFC a dhéanamh. D’fhéadfadh údarás poiblí táille réasúnta a ghearradh, áfach, as an bhfaisnéis atá de dhíth a chur ar fáil, lena n-áirítear táillí fótachóipeála, táillí priontála agus táillí postais. Tabhair do d’aire go ngearrtar €0.10 in aghaidh an leathanaigh d’fhótachóipeáil agus go n-úsáidtear postas de réir na ngnáthrátaí is infheidhme.
Achomhairc: Más maith leat achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh a rinne Aonad RFC Ionad Tacaíochta Oideachais Laoise, is féidir leat é sin a dhéanamh trí iarratas i scríbhinn a sheoladh ag iarraidh ar athbhreithniú inmheánach ar an gcinneadh. Seol d’iarratas athbhreithnithe chuig an seoladh seo le do thoil: Oifigeach SF, Aonad SF, Ionad Tacaíochta Oideachais Laoise, Bóthar Block, Port Laoise, Co. Laoise.
Más rud é nach bhfuil tú sásta leis an gcinneadh i ndiaidh an athbhreithnithe inmheánaigh agus gur mhaith leat gearán nó achomharc a dhéanamh arís, is féidir leat é sin a dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil (“CFC”). Ní mór duit achomharc nó gearán a dhéanamh chuig an CFC laistigh de mhí amháin ó fuair tú an cinneadh athbhreithnithe ó Ionad Tacaíochta Oideachais Laoise.
Access to Information on the Environment
You have the right to obtain certain environmental information from Laois Education Centre under the European Communities (Access to Information on the Environment) Regulations 2007 (as amended). The AIE legislation sets out the procedures for public access to information relating to the environment held by public bodies.
To make a request to Laois Education Centre under AIE legislation, we ask that you submit your request electronically to the email address
In your request, we ask that you:
• Specify that you are making the request under AIE legislation and clearly state the environmental information that you are requesting.
• Please try to provide as much detail as possible to enable us to process your request efficiently.
• Include your return address.
You will receive a response within one month from the date on which the request is received by the Laois Education Centre FOI Section.
Disclaimer/Note: Please be advised that Public bodies may refuse AIE requests on certain mandatory grounds (personal information/third party information) or discretionary grounds (commercial confidentiality etc).
Charges: There is no initial fee for making an AIE request. However, a public authority may charge a reasonable fee for supplying the information required, including photocopying fees, printing fees and postage fees. Please note that photocopying is charged at €0.10 per sheet and postage is as per standard rates applicable.
Appeals: If you would like to appeal a decision made by the Laois Education Centre FOI Section, you may do so by sending a request in writing asking for an internal review of the decision. Please address your review request to: FOI Officer, FOI Section, Laois Education Centre, Block Road, Portlaoise, Co. Laois.
If after the internal review, you are dissatisfied with the decision and would like to make a complaint or appeal the decision again, you can do so by contacting the Office of the Commissioner for Environmental Information (CEI). You must appeal or make a complaint to the CEI within one month of getting the reviewed decision from Laois Education Centre.