Tá áthas orainn trí chúrsa Leibhéal 8 cumaiscthe a chur ar fáil i gcomhpháirtíocht le hOllscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt, Ceatharlach.
Is iad seo:
- Teastas i gCothú Cumais agus ag cur le Ceannaireacht i dTuiscint agus Éagsúlacht Idirchúltúrtha
- Teastas i gCleachtais Aisiríocha
- Teastas i dTabhairt faoin Dúshlán maidir le hIompar Dúshlánach
Féach na bileoga eolais faoi iamh le haghaidh eolais faoi na cúrsaí aonair.
Fad
12 sheachtain
Dátaí
Cuirfear tús le cúrsaí i mí Eanáir 2023 agus cuimseofar iontu seisiúin ar líne (7pm go dtí 10pm)
Táillí
Féach na bileoga eolais
Nóta: Cuirfear na cúrsaí seo ar siúl má fhreastalaíonn dóthain daltaí orthu.
Cé orthu atá na cúrsaí seo dírithe?
Díríonn an clár seo ar phríomhoidí, múinteoirí agus orthu siúd atá i mbun oibre sa réimse oideachais níos leithne.
Riachtanais Iontrála
Déanfar gach iarratasóir a mheas cás ar chás. Forchoimeádann Lifelong Learning an ceart chun iarradh ar iarratasóirí freastal ar agallamh chun cinneadh a dhéanamh ar a n-oiriúnacht don chlár.
Conas a dhéanaim iarratas?
Chun iarratas a dhéanamh, déan teagmháil le Lifelong Learning, Ceatharlach ar This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. nó glaoigh ar 059 917 5280.