Tá Tráth na gCeist á eagrú ag Ionad Tacaíochta Oideachais Laoise - is é sin, Tráth na gCeist ar líne a chraolfar beo don seomra ranga ar an Máirt 10ú/17ú/24ú Deireadh Fómhair @ 10.00.
Beidh an Tráth na gCeist oiriúnach do Ranganna 3 - 6. Is éard a bheidh i gceist leis an gcéad chuid den tionscadal seo ná 3 thráth na gceist ar líne.
Tuilleadh eolais:
5 bhabhta x 8 gceist d'fhoirne de cheathrar
Tá béim ar éisteacht agus labhairt na Gaeilge agus, ar ndóigh, spraoi a bheith ag gach duine!
Beidh páistí cleachta le Tráth na gCeist freisin.
Is féidir le múinteoirí na bileoga freagraí comhlánaithe a bhailiú i ndiaidh gach babhta.
Is féidir le múinteoir nó múinteoirí ranga daltaí a mholadh chun na babhtaí ar fad a cheartú nuair a chuirfear críoch leis an tráth na gceist.
Cuirfear na freagraí ar gach babhta ar fáil do na ranganna rannpháirteacha.
Glaofaidh fear/ bean na gceisteanna na freagraí amach i ndiaidh gach babhta.
Ní dhéanfar aon cheartúcháin ag deireadh babhtaí ach ag deireadh an trátha na gceist.
Socraíonn múinteoirí conas an méid seo a eagrú ina seomraí ranga féin.
Ag an gcéim seo den tionscadal, ní dhírítear ar na scóir ná ar scoileanna a leanúint tríd an Ionad Tacaíochta Oideachais, ach ar fhorbairt na Gaeilge mar theanga bheo bhríomhar.
Cuirfear ar aghaidh an nasc chuig an seisiún ar líne ag 9.30 a.m. gach maidin a bheidh an tráth na gceist ar siúl.
Caithfidh gach rang sa scoil atá ag glacadh páirte clárú chun an nasc a fháil.
Is do scoileanna Ionad tacaíochta Oideachais Laoise amháin an Tráth na gCeist seo.
Course date | 10-10-2023 10:00 am |
Course End Date | 24-10-2023 10:30 am |
Cut off date | 09-10-2023 2:00 pm |
Individual Price | Free |
Location | Online |